School: Cnoc Uí Choileáin, Mainistir na Féile (roll number 10107)
- Location:
- Mountcollins, Co. Limerick
- Teacher: Pádraig Ó Coileáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cnoc Uí Choileáin, Mainistir na Féile
- XML Page 041
- XML “Séamus Ó Catháin cum Uilliam Uí Chathasaigh”
- XML “An Ceangal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)[A shaoi ghlic ghasda do chanas do ghlór le diadhacht,
Dob eol duit mé d’freagairt gan easba gan smól gan teimheal,
I nglorthaibh blasda nó ar meamram cóin le suigheamh,
I gCló is I dteangain gan easnamh id ghlór ná id scríobh.]
VI
Beidh Eaglais Dé ag léigheamh na Psalm go binn,
Is an t Aifreann naomhtha gan traochadh dá chanadh do Chríosd,
Báird agus éigse ar gach bhéarsa ag canadh de shíor,
Is sgamaill ag tréigean na spéire sealadh go sítheach.
VII
Beidh sonas agus séan ar gach aon ród againn mar bhiodh,
Beidh sratha tiugha éisg ag léimrig le h-aiteas i linn,
Beidh déirc agus daonnacht dá dhéunamh ar lagaibh is aoidheacht,
Is gaisge agus laochas i ngéagaibh gach faraire groidhe. - An CeangalA fhir chalma cháidh d'eascair is d'fhás ar sheana-stoc áluinn Ghaedhil-Ghlais,
Is blasta 's is fearr teanga is lámh dá bhfeaca in aon áit de na
héigsibh
Beir feasta go sámh gan mhairg ná gláimh is i gceannas in áitreamh
séanmhar
Is easmailtigh áir dá gcartadh chun fáin 's a' pheanaid dá gcrádh
is dá gcéasadh.
Lucht taiscitghhe an óir is caithte gach lóin dá chartadh gach ló 'na
méadail,
Fíonta agus beoir, saill agus sógh, gan suim aca in órd ná i
dtréanas;
Dia hAoine is eadh is mó a chaithid a sórt ag cur feirge ar
Mhór-Mhac Dé dhil,
Is A Bhanaltra ghlórmhar dá spalpadh mar mhóide - ní bhacfad níos
mó ná an méid sin.