School: Cromadh (B.)
- Location:
- Croom, Co. Limerick
- Teacher: Dáithí Ó Ceanntabhail
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus thárla freisin nár mhaith leis, an mac toghartha seo a bheith 'na chúis scaoinreachta d'a mhnaoi nua-phosta agus do réir sin, dhein sé socrú le ceannaidhe ime i gCathair Corcaighe an buachaill seo a ghlacadh 'na phrintíseach. Do deineadh is do daingnigheadh an socrú is an margadh idir an Liathánach agus an ceannuidhe gur chuaidh an buachaill o dheas ag foghluim a cheirde is gur cuireadh as bealach is as amhairc nua-mháighistreas an mhuilinn é. Ó'n mbuachaill sin a shíolruigh Ui Liatháín Caisleáin Chroma agus ar a shíol do bhí an dochtuir Seán Leatháin a dhein sár-obair i mBaile Átha Cliath is i Londún i gcoinnibh na bhfíabhras. Is o'n bpríntíseach céadna a shiolruigh an brocaer ime sin go bhfuil tagairt do ar leathanach 56. Is feidir go raibh baint éígin ag na céad Liathánaigh a tháínig annso leis an mbrocaeracht ime agus ní mór ná gur gráín leis na daoine, le muintir na h-áite, an ghairm beata chéadna, mar nuair ba mhaith le hAindrias MacCraith tarcuisne is masla do thabairt dá cáraid sealadach Seán Ua Tuama, ní raibh aige slighe ní b'fhearra chuige sin do dhéanamh ná brocaer ime is báille uisge a thabhairt air."Bír fós mar chluinim id' bhrocaer ime
Id' phortaer uisce is linnteoireacht."Timcheall trí fichid bliadhain ó shoin tháinig síol an gharsúin óig mí-fháiltigh sin arais go Cromadh agus do cheannuigheadar Caisleán Cromtha agus ar bhain leis ó Croker. Roimis an taca sin ní raibh ach stiall beag d'fheirm cois Máíghe ag síol an chéad Liathánaigh cé go raibh an saidhbhreas is an acfuinn acha. An stiall beag tailimh sin a bhí aca, bhi sé ar teorainn leis an bhfeirm Croker(continues on next page)- Collector
- Daithí O Ceanntabhail
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir