School: Cromadh (B.)
- Location:
- Croom, Co. Limerick
- Teacher: Dáithí Ó Ceanntabhail
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cromadh (B.)
- XML Page 095
- XML “Tósta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- "an fear a dtuibhradh dhom píopa tobac nuair a bhéinn gan aon phiopa tobac, má bhí piopa tobac aige, thiubhfainn do piopa tobac, nuair a bheadh sé gan aon phiopa tobac dá mbeadh piopa tobac agam, ach an fear nach dtuibhradh dhom piopa tobac nuair a bhéinn gan aon phiopa tobac agus piopa tobac a bheith aige, ní thuibhrainn do piopa tobac nuair a bheadh sé gan aon phiopa tobac agus piopa tobac a bheith agam."
(Sean-Chonnachtach ó chathair na Gaillimhe a bhuail isteach sa scoil chugham lá 10/3/36, a d'iarraidh déirce, a thug dom an giota sin thuas. Mhínig se dhom gur sórt tósta é, a bhiodh á rádh de ghnáth ag na sean-daoine cun chur in iuil do chách ná tiubharfaí deoch i naisge d'aoinne ná ceannochadh do'n dream nú do'n chomhluadar a raibh se ortha. Thug sé leis, an sgéal seo leanas dom acht níor fhéadar acht brigh an scéil a bhreacadh sios, a luathas is a labhradh sé as Gaedhilg. Fear gealgáireach éadrom-chroidheach ar chulaith mhi-ádhbhasaigh seractha a b'eadh an bodach bocht. Duine a theip ar a chardibh a b'eadh é agus o'n lá san amach nior chuir sé cos 'na chathair duthchais. Nuair d'innis sé sin dom ni raibh mé fiosrach i dtaoibh a ainme. Rugadh 65 bhliana o shoin é, agus cé nach raibh an cleachtadh aige ar labhairt na Gaedhilge le breis is fiche bliadhain bhí sí go flúirseach go liomhtha aige nuair a bhí an sconna smaointe ar dian-leachadh aige. )