School: Burgess, Aonach Úrmhumhan (roll number 8608)

Location:
Burgesbeg, Co. Tipperary
Teacher:
Mícheál Ó Cearnaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0538, Page 054

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0538, Page 054

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Burgess, Aonach Úrmhumhan
  2. XML Page 054
  3. XML “Bruíonta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    gur shroicheadar cnoc an chatha. Thosuigh an cath annsin i ndáíribh i ndiaidh ama díbrigheadh na Dobhsers.
    Anois bhí aonach le bheith i mBéal Átha Gabhann agus bhí déanta suas ag ng Dobhsers a bheith ag an aonach roimh na Dingers, agus iad a ionnsuighe ar a mbealach isteach. 1400 de na Dobhsers a bhí ann.
    Fuair na Dingers sgéul an oidhche roimhe sin fé an tóir a bhí ortha. Chruinnigheadar go láidir a lucht leanamhna. Throideadar go tréan, acht bhí an bhuaidh ghá fhagháil ag na Dobhsers go dtáinig sagart amach ag deanamh síothchána. Bhuail ceann de na Dobhsers é, agus ó soin amach ní dheárna siad aon mhaith.
    Nuair a bhí an troid ag dul chun cinn ag Cnoc Dinger, deirtear go raibh fear ag marcaidheacht ar chapall agus é ag dul ó dhream go dream ag spreagad na tróduidhthe agus déarfaidh cuid de na daoinibh go b'é an diabhal fhéin a bhí ann.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish