School: Convent of Mercy, Carraig na Siúire (roll number 11872)
- Location:
- Carrick-on-Suir, Co. Tipperary
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá áit i gCo. Corcaighe a bhfuil an t-ainm seo air, "Coiscéim na Caillighe", agus seo é an sgéal atá i mbéal ná ndaoine faoi an chaoi a bhfuair an áit an t-ainm sín.
Sán áit séo tá céim ann agus ailltreacha móra árda ar dhá thaobh na céime agus abha ag rith tríd 'na lár thíos. Do réir an scéil i n-aimsir na bhFiann chuir na Fianna Fútha tamall 'san áit. Bhí sean-chailleach san gcomhúrsanacht a thuit i ngrádh le Oscar Mach Oisín agus cé bith áit a dtéighidís casfaí an chailleach orra.Níor thaithnigh sín go ró-mhaith le hOscar. An lá áirighthe seó bhíodar ag dul a' seilg. Chonnaic Oscar an chailleach ag teacht fá n-a dhéin. Níor theastuigh uaidh castáil uirtí ach ní raibh dul as aige mar léimeadh sé treasna na h-abhann o'n aill i bhfus go dtí an aill thall. Thug sé faoi n-a dhéanamh acht theip air agus isteacht 'san abhainn leis.(continues on next page)