School: Convent of Mercy, Carraig na Siúire (roll number 11872)
- Location:
- Carrick-on-Suir, Co. Tipperary
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An 3adh lá de Mhí Mheitheamh 1336 bhronn Seumas De Builtléir, Iarla Oirmhumhan, an Caisleán agus an Chlochar igCarraig na Siuire ar na manaigh d'órd Naomh Proinnsias. Glacadar sealbh an 29adh lá; An t-Athair Clyn an chéad ceannaire agus b'é an t-Athair Stiophán De Bharra an t-abb.Fúair Elionóir Baintighearna Oirmhumhan bás 1363. De réir a h-uadhachta - órd Naoimh Doiminic, na Cairmilítigh agus órd Naoimh Proinnsias in Aonach Oirmhumhan agus i gCarraig na Siuire.Sa bhliain 1385 i gcaoi éigin ghlac Rí Sasana sheilbh ar roinnt talmhan a bhronn Seumas, Iarla Oirmhumhan ar na manaigh igCarraig Bhig. Sa bhliain 1447 thóg Eadhuard mach an 3adh Iarla, an chlochar a bhí tuithighthe as a chéile. Cuireadh an mainistear fá chois. An t-Athair Liam Cormaic a bhí i gceannas ag an am. Bhí ag na manaigh Eaglais, mainistear le tig cairte, halla, suaim-lios trí seomraí agus cistin. De réir "Stair Portláirge (Egan) bhí dhá theach deug agus céad agus fiche acra talmhan aca ag an am. Deir an t-Athair De Paor na Stair Portlairge gur glacadh céad is(continues on next page)