School: Convent of Mercy, Carraig na Siúire (roll number 11872)

Location:
Carrick-on-Suir, Co. Tipperary
Teacher:
Na Siúracha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0565, Page 046

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0565, Page 046

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Convent of Mercy, Carraig na Siúire
  2. XML Page 046
  3. XML “Sean-Nós”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ceistigh mar seo é
    "Cé h-iad na daoine nach bfeicfid solus na bFlaitheas go deo?
    "Deanfad agus failte" arsa Dubhán.
    Rith fear atá isteach sa choill agus do chas sé le tuagh nua ar áit na mbonn. Do gháir Dubhán le sásamh agus d'fhág an bheirt slán aige. Do leag sé an crann gan mhoill agus abhaile leis.
    Maidin lá ar na bhárach chuir sé an cheist fé mar a gheall sé.
    "Na daoine acracha" d'fhreagair an Naomh, "ach fairíor! cúis bróin duit an cheist sin."
    Tar éis an Aifrinn mhínigh Dubhán dó cúis na ceiste. D'fhreagair an Naomh,"
    "Mo thruagh tú,
    "Marbhóchaidh siad tú nuair a inneosfaid tú dhóibh an freagra
    "Ó cad a dhéanfad? arsa Dubhán, ar crith le h-eagla.
    "Ní baoghal duit" ars an Naomh, "má ghlacann tú mo comhairle, Imtigh ar maidin fé mar a gheallais, tabhair dá shluasad mó sluasadh agus rámhan leat. Déan uaig doimhin. Luigh síos ann agus cuir an dá shluasad ibhfuirm croise os do chionn. Fan leo mar sin agus nuair a thiocfaid siad tabhair an freagra dhóibh, ach ní féidir leo díoghbháil do dhéanamh duit mar cosnóchaidh an comhartha naomhtha tú."
    Do bheannuigh an Naomh annsan é agus do ghaibh Dubhán buidhceachas dó.
    Nuair a tháinig an mhaidin do dhein Dubhán gach rud a dúbhradh leis. Ní raibh sé 'na luighe nuair a chuala sé coiscéim na ndaoine mbeag ag teacht fá n-a dhein. Do bhailigheadar mór timceall ar bhí sluagh mór in éinfeacht
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish