School: Convent of Mercy, Carraig na Siúire (roll number 11872)
- Location:
- Carrick-on-Suir, Co. Tipperary
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)o'n áit Micheál Doheny treasna na h-abhainn agus tré Conndae Puirtláirge. Do shrois sé Corcac agus as san d'ealaig se go h-Ameirica. Is é a sgríobh an leabhar úd - "The Felons Track".
Cinnire eile ar na h-Éireannaig Óga do b'eadh Seán Ó Mathghamhna. Bhí a ainm i n-áirde imeasg na bFiníní sa ceanntar so leis. Gaol do Mhuinntir Feehan imbaile an Circín do b'eadh é. (Ballyquirkeen). D'aistrig sé Stair na h-Éirinn in Léitinnig.
Do bhronn fear darbh ' ainm Galway Clog an Bhaile ar an mbaile. Do chomhnuigh an fear seo sa caisleán i lár na 18adh aoise.
Rugadh Sean Prionnsias Ó Meachair ar Sráid Chichimh sa bhaile seo. Caith sé téarma fada i bpriosún toisc go raibh bhaint aige leis na Finíní. Cara do Séárlas Cicim agus do Séan Ó Laoghaire do b'eadh é. Scríobh sé stair na Carraige, Annála na Carraige, agus Footprints of the Ormonds. Fuair sé bás i gCarraig sa bliain 1892.
Do rugadh an t-Athair Micheál Ó h-Iceadha, ollamh re Gaedhilg i Magh Nuadhach, igCarraig Bhigh sa bhliain 1878. B'e an céad Trialtheoir Teagaisc Criostaidhe sa bFairce seo. Sa bliain 1896 cuireadh go Magh Nuadhac é mar oide Gaedhilge. Do mhúscail sé na mich-léighinn an Gaedhealg d'fhoghluim. D'fhág se an Coláiste i 1908 agus chaith sé(continues on next page)- Collector
- Cáit Ní Shuilleabháin
- Gender
- Female