Scoil: Dubhlinn (B.), Inis (uimhir rolla 4870)
- Suíomh:
- Doolin, Co. Clare
- Múinteoir: Tadhg Ó Seasnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó agus is fadó do bhí.
Aon lá amhain chuaidh sé go dtí an Baile Mór bhí capall agus diallait aige.
Do thosnuigh sé ag ól agus d'fhan se insan mbaile mór go dti an oidhce agus bhí sé ar meisge. Annsan do thóg sé an capall amach as an stábla 'na raibh sé aige.
Do chuaidh sé in airde ar druim an chapaill agus thainig sé aníos bóthar Cill Seannaigh do connaic an capall rúd eigint n?ar much leathistigh den claidhe agus do rith an capall leis an bhfear.
Do thuith an féar ar an mbóthar agus do ghortuigheadh é annsan do tugadh go dtí an osbúidéal é, agus bhí air fanmáint san osbúidéal ar feadh trí seactmhaine sul a raibh sé go maith airís, agus cuaidh mé féin á fhéacaint ar. agus má tá bréag ann ní mise a chum é.
Seán Mac Gearailt
Leamhach,
Dubhlinn
Co an ChláirFuaireadh an sgéal thuas ó
Donnchadh Maoldomhnaigh (78 bliana)
Leamhnach
Dubhlinn- Bailitheoir
- Seán Mac Gearailt
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Luogh North, Co. Clare
- Faisnéiseoir
- Donnchadh Maoldomhnaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 78
- Seoladh
- Luogh North, Co. Clare