Scoil: Dubhlinn (B.), Inis (uimhir rolla 4870)
- Suíomh:
- Doolin, Co. Clare
- Múinteoir: Tadhg Ó Seasnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- B'e an fear is fearr siubhal a deanamh timcheall na h-áite sin é ná Máirtín O Caillaigh.Deirtear go raghadh Ó Dubhlinn go Luimhneach le aghaid leitreacha Mach Namara fadó.Ceap na daoine go léir go raghadh siad féin ann nuair a connaich siad Maírtín ag dul ann.Do tosnuigheadar agus nuair a bí siad ag dul leath is muigh d'Innisdíomáin tháinig tuirseach ortha agus d'iompuigheadar agus o'n lá san amac bhí sé na fear is breághtha chun siubhal a deanamh ins an ait seo.ó Pádraig O Briain (a athair), Sráid na n-Iasgairí
- Bhí fear in a comnuidhe ins an paróiste seo darb ainm Pádraigh Aracal agus bhí sé an maith cun feir a baint. Aon lá bhí rás ag na fearaibh ins a paroiste seo. Do tosnuigh an rás agus bhí Padhraigh ag bualad na fearaibh eile; ar deire an rás do bhí an fear eile ag bualadh Padraigh; nuair connaic Padraigh é sin do obhair sé go ana mear agus do fuair sé an buadh.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Tadhg De Nógla
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Fisherstreet, Co. Clare
- Faisnéiseoir
- Padraig O Cilltreáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Fisherstreet, Co. Clare