Scoil: Kilfenora (C.) (uimhir rolla 2156)
- Suíomh:
- Kilfenora, Co. Clare
- Múinteoir: Mrs Conole
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 254
1.Nuair a fhaigheann duine bás fagtar an doras thuaidh dúnta.
2.Má bhíonn tinneas fiachla ag duine cimil méar an duine marbh le béal an dhuine agus rachaidh an tinneas fichla.
3.Beanuighthe an corp a thuiteann an fhearthainn air.
4.Nuair a bhéadh duine ag imteacht aas tig cuirp ba cheart dó pínse snaoisín nó rud éicint a bhreith leis.
5.Nuair a castar sochraid ar dhuine gur ceart dó "trí coiscéim na trócaire "do shiubhal le cois na sochraide.
6. Lá na Bloiadhna Nuadha ní maith le na daoine uaig a oscailt.,
7.An duine a lasann na coinnle ba cheart do iad mhúcadh.
8.Ba cheart do'n duine ceadhna a fhaigheann na coinnealóirí iad a thabhairt ar ais aris.
9.Ma gneibheann duine bás agus gan a bheith fuar tar eis cupla uair is rian e go mbéadh sochraidan go gairid in a dhiaidh sin.
10 Nuair a fhaigheann duine bás teidheann beirt in a dhiaidh.- Bailitheoir
- Máire Ní Dhaibhéid
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Lickeen East, Co. Clare