School: An Rinnín, Leacht Uí Chonchobhair (roll number 9425)
- Location:
- Rinneen, Co. Clare
- Teacher: Pádhraic Ó Cionaoith
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (I)A Ghaedhil 'sa cháirde 'gus mar tá sibh!Is buadhartha an cás tá mé ag dul a luaidh:Ár rúnaidhe áluinn an Brianach grádhmhar,Bheith ag fágail slán againn go luath.
(II)Is mó oidhche aerach bhí againn le chéileAr Scoil Mháigh Mhóir, is i Lios Cheannúir,Ag spórt is ag pléidhreacht agus ag innsint scéaltaAgus Tadhg Ó Ruadhain dhá radadh dhúinn.
(III)Ar son nách Gaedhilgeóir ó thúis a shaogail éDo chuir sé spéis agus suim san ghnó,Chum an Béarla tacair do ruagadh as Éirinn,'S ár dteanga Ghaedhilge a chur fé réim go deo.
(IV)Nuair a thagann Beácaí is ár rúnaí gléigealMicheál Ó Ríadaigh agus Seán Ó Maoil Eoin,Cuirfid na ranga le chéile a leabhar ag gach aoine,Agus ag léigheamh na gaedhilge go blasda dhúinn.
(V)Is oth 's is dith liom gur fhág tú an tír seo,D'athair dílis 's do Mhaithrín féin,Beid ag gol is ag caoineadh de ló 's d'oidhcheIs tusa na milte uatha i gcéin.(continues on next page)- Collector
- Tomás Ó Briain
- Gender
- Male
- Address
- Carrowntedaun, Co. Clare