Scoil: Cuar an Chláir (B)

Suíomh:
Cooraclare, Co. Clare
Múinteoir:
Liam Ó Lioghda
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0631, Leathanach 055

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0631, Leathanach 055

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cuar an Chláir (B)
  2. XML Leathanach 055
  3. XML “Staff”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bhí fear ina chómhnuidhe i gClúnredán fadó darb ainm Staff. Sórt saighdúra a'beadh é. Bhí tigh deas aige i gClonredán, agus bhí a ainm ar fuaid na tíre go raibh sé go h-ana mhaith cun trodha agus gac rud mar sin.
    Bhí búachaill darbh ainm Ó Gormháin ina chómhnuidhe siar inaiche le Dúinbheag. Aon lá amháin bhí Ó Gormháin ag reilg i gClúnredán agus cuaidh sé isteach go dtí Staff. Dubhairt Staff leis bulláin reamhar do cuir cuíghe.
    "Níl aon bullán réamhar agam," arsa Ó Gormháin.
    "Ceannaigh ceann" arsa Staff.
    Níor déin Ó Gormháin acht dul abhaile.
    Cuplá lá indhiaidh sin, nuair ná raibh an bullán ag teacht, bhí Staff ag dul go dtí a thigh cun é do mharbhúghad. Lúighe Ó Gormháin inaice le claidhe, agus tháinigh Staff ag marchuigheacht ar a caphall. Do sgaoil Ó Gormhaín agus leagh sé é. Cuireadh annsan é. Tá sé i bpáirc Uí Cadhla anois. Gac aoinne a gabh an slighe caitheadhar cloch ar an uaigh. Tá a uaigh le feischinth fós agus timcheall trí troighthe de clochaibh anuas air.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Mrs Fitzmartin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    87
    Gairm bheatha
    Farmer's wife (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Drumellihy (Westropp), Co. Clare