School: Cuar an Chláir (B)
- Location:
- Cooraclare, Co. Clare
- Teacher: Liam Ó Lioghda
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cuar an Chláir (B)
- XML Page 077
- XML (no title)
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí fear ann cead bliadhain ó shoin.”
(continued from previous page)Cuaidh se isteach go dtí an scoil chun a ainm dfaghail. Fuaireadar a ainm agus bhí sé beo ceithre míle bliadhain. Ní bheadh sé beo an fhad sin acht bheith ag eisteacht leis an ceol a thaining Ó Dhia.(no title)
“Bhí fear ann fadó agus sé an ainm a bhí air ná Michéal Mídheach, bhí sé in aice Cill Caoidhe.”
Bhí fear ann fadó agus sé an ainm a bhí air ná Michéal Mídheach, bhí sé in aice Cill Caoidhe. Nuair a bhí sé seachtmhadh bliadhain fuair sé bás. Ní raibh sé marbh i bhfad nuair do thuit na daoine eile tinn agus fuaradar bás. Bhiodar marbh beagnac fice bliadhain nuair do thuit an mac tinn agus fuair sé bás. Bhí se marbh bachad bliadhain nuair do thuith a mach tinn agus fuair sé bás. Nuair do bhiodar ag cuir isteach san uaig é do fuaireadar ar comhra istig agus do connaiceadar an faid a bhí sé marbh nios mo ná na daoine eile. Ní raibh aon comhra eile istig san uaigh acht aon ceann. Do bhriseadar an comhra agus bhí sé istig ann comh maith is an lá a cuirfeadh san uaig é. Nuair do connaich an Tathair Mac Cluain é dubhairt se leis na daoine teacht go dtí a thig féin. Do cuadar go dtí an tig agus ní raibh fios ag daoine an rud a dubhairt sé doibh. Nuair a tanagadar a bhaile dubhradar gur raibh sé ina Naomh.- Informant
- Mrs Charles Cullinan
- Gender
- Female
- Address
- Dangananella East, Co. Clare