Scoil: Crannach, Inis
- Suíomh:
- Cranny, Co. Clare
- Múinteoir: Mícheál Ó Maolchaoin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0603, Leathanach 001](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0603%2FCBES_0603_001.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0603, Leathanach 001
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá ór le fághail i gCaisleán Bhaile na Caillighe. Bhí an saidhbhreas ann ó am na Tuatha de Danainn. An uair sin bhí an t-airgead cúpla míle fé bhun talmhan acht deirtear gur chuir na sidheoga an t-ór fé bhun an chéid cloiche a cuireadh, tar éis na gcéadta mbliadhan. Na mílte bliadhan ó shoin iseadh a fuair na daoine amach go raibh saidhbhreas i dtaisge san áit. Níor deineadh aon iarracht riamh chun an t-ór dfághail.
Aon Domhnach amháin tháinig bean isteach do thigh fir darbh ainm Ó Grádaigh a bhí in a chomnuidhe in aice an Caisleáin. Bhí gach aoinne timcheall na h-áite ag an Séipéal an lá úd ach amháin na fear seo. Ní fhaca aon duine an bhean sin ó shoin. Sidheóg a bhí inti is dócha acht nílim cinnte.
"Uí Gradhaigh" ar sise leis an bhfear "tá ór le fághail san gCaisleán sin." (agus í á teasbáint an chisleáin le na méir.) "Geobhfhad-sa an t-saidhbhreas duith," ar sí arís "má caillfhidh tú súil ar mo shon." "Ní dhéanfad sin" arsan bhfear.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Liam De Brúach
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Pádraig De Brúach
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Burrenfadda, Co. Clare