Scoil: Gort Both Fearna, Maurice's Mills, Ennis
- Suíomh:
- Gortbofarna, Co. Clare
- Múinteoir: Tadhg Mac Garbhaigh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0611, Leathanach 065](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0611%2FCBES_0611_065.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0611, Leathanach 065
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)D'fhan Tarbh an chéad oidhche na shuidhe ag faire na bhó go maidin agus timcheall briseadh a' lae tháinig firín beag bídeach fé dhéin na bhó. Do shuibhail sé na timcheall agus do leag sé bárr a mhéire ar a h-adharcaibh.Thosnaigh sé ag rith annsan fé dhéin leasa a bhí in gar dó agus súid chun reatha an bhó na dhiaidh. Do lean Tarbh iad araon go dtí an lios agus nuair a shrois sé é bhí an bhó crúidhte roimhis. Thiomáin se an bhó amach abhaile.Bhíodh maide shiúbhail ag Tarbh i gcomhnaidhe nách mór agus nuair a bhíodh sé in diaidh na mbeithioch níor dhearmhad sé riamh é ach an tráth tráthamhail seo do chaill sé an maide istigh sa lios agus níor airigh sé a chailleamhaint ar feadh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Áine Ní Fhlanagáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Liam Ó Fhlanagáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Drinagh, Co. Clare