School: Carraig an Chabhaltaigh

Location:
Carrigaholt, Co. Clare
Teacher:
Tomás Mac Craith
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0633, Page 002

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0633, Page 002

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Carraig an Chabhaltaigh
  2. XML Page 002
  3. XML “Fionn Mac Cumhaill”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    a bhreith d'réir mar a thug sé i". Annsan, fuair Fionn smután daraighe agus dhein currachán clíath bhán, clíabh fhairsing de agus d'imthig chum fairrge ann. Ní fad a bhí sé imthighthe an uair do bhuail leis curráchán cliath bhán clíabh fairrsing agus eólach gaiscidhigh ann istigh. Do bheannuigh sé d'Fhionn agus do bheannaigh Fionn do. "An miste fiafruighe dhíot ca'l do thriall?" ar sé le Fionn". Ní miste, arsa Fionn. "Táim ag dul go dtí an domhan thoir, chun troid le rí ann. Donn mhic a deirg. "A leigfidh tú mise leat", adúbhairt sé le Fionn," agus b'fhéidir go ndéanaidh mé cabhair éigin dhuit". Leigfead agus fáilte" adubhairt Fionn. Cheangail sé a currachán dhárthach fhionn agus chuaidh sé féin isteach i n-éinfheacht le Fionn. Leanadar ortha agus i gcionn tamaill, do bhuail currachán cliath bhán, cliabh fhairsing leó agus eolach gaiscídigh ann istigh. Do bheannuig sé doibh, agus dubhairt sé, " an miste dom fiafruighe dhíobh cad air a bhfuil sibh ag triall" "Ní miste" arsa Fionn, Táimíd a dul go dtí an domhan thoir chun troid le Donn Mhic a Deirig" "An leigfidh tú mise leat?" a dubhairt sé le Fionn. "Leigfead" a dubhairt Fionn. Ceangail sé a churrachán do churrachán an ghaiscioigh eile agus cuaidh sé féin isteach i n-árthrach Fhinn. I gcionn tamaill eile do bhuail currachán cliath bhán, cliabh fairrsing leo agus eolach gaiscidígh ann istig fairceallach na tuagha bige, ba giorra a gearra géire, ná fágfadh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Fianna (~595)
          1. Fionn Mac Cumhaill (~137)
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ó Loingsig
    Gender
    Male
    Age
    70
    Address
    Carrigaholt, Co. Clare