School: Carraig an Chabhaltaigh
- Location:
- Carrigaholt, Co. Clare
- Teacher: Tomás Mac Craith
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ceithearnach an Chaoithrinn
(The bandit of Querrin)
.............................................Do bhí ceithearnach ina gcónaí i gCaoithrinn fadó agus tugadh Ceithearnach a' Caoithrinn air. Lá dár bhuail Ceithearnach amach ar fuaid a rioghachta thug sé a aghaidh ar Lios na Falainge, bhí an Sluagh Sidhe ann roimhe agus iad ag seinm ceoil. Dhéaluig an Ceithearnach isteach agus do rug leis iníon riogh Sliogadh agus d'imigh sí in éineacht leis abhaile. Ní labhair sí aon fhocal cainnte leis go cionn bliadhna. Annsan, do cuiridh an Ceithearnach fá dhéin Lios na Falainge aríst. Bhí an Sluaish Sidhe ann roimhe agus iad ag seinm ceoil is ag innsint scéalta dá chéile. "Bliadhain sa lá insnniu" arsa duine aca, "seadh do rug Ceithearnach a'Caoithrinn iníon ríogh Sliogadh uainn". "Cad é an maith dhó" arsa duine eile aca, "ar ná bhfuil aon fhocal cainnte aici dó". "Is fuirist é sin a leigheas" arsa duine eile aca, "mar dá n-ólfadh sise trí braona as a gcorn dighe seo againne do bheadh a cainnt aici comh maith is do bhí aon lá riamh".
Dhéaluig an Ceithearnach isteach agus do sciob leis an t-éadach cláir sa raibh ann, agus do rug leis abhaile é, agus thug trí braoin as a gcorn dighe le h-ól d'iníon ríogh Sliogadh. Ní túisce bhí ólta aici ná go raibh a cainnt aici chomh maith is do bhí aon lá riamh agus d'innis d'ón Ceithearnach tríd síos cionnus mar a thárlaidh di; cionnus mar do rug an Sluaigh Sidhe leo í agus(continues on next page)- Informant
- Seán Ó Loingsig
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Carrigaholt, Co. Clare