School: Carraig an Chabhaltaigh
- Location:
- Carrigaholt, Co. Clare
- Teacher: Tomás Mac Craith
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Carraig an Chabhaltaigh
- XML Page 012
- XML “Progaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí feirmeóir i gCoill Bheatach i bhfad ó (shin) agus do bhí trí bliana riariste aige. Cailleadh cuid mór dá chuid stuce. Do bhíodh sé a' dhíol ceann anois agus arís ach bhí sé a dhíol nó go raibh sé i gcruth aon bhó amháin sa deireadh. Peig a bhí ar a bhean. "Cad a dhéanfaimid anois, a Pheig" ar seise. "Nuair nach bhfuil againn ach aon bhó amháin". "Cad a dheanfá?" ar sise "ach i a dhíol" agus sé an t-seift deidhennach i dhíol.
Ba é an bhó mar peata agus 'sé an ainmn a bhí uirthe ná "Prógaí". "Tá drom mo chóta scaoilte" arsa Domhnaill agus "Faigh snáthadh is snáth is cuir greim ann". An uair a bhí sé ag imteacht go dtí an aonach annsan ar maidin agus é seoladh na bó amachan t-sráid, tháinig a bhean amach agus ar sise "Mo ghrádh thú a Phrógaí bhocht, 'sé an feall tú dhíol". D'imtigh sé a' thriall ar an aonach annsan. Sul a ndeaghaidh sé go dtí an aonach, casadh teach tighearna talmhan leis go mbítí ag bailiughadh ciosca ann agus bhí sé ar lár le bliadhanta agus feár bréag fada a fhás ar áit a tighe. Bhí geata iarainn teas-amuigh dó. Nuair chuaidh coní fada leis(continues on next page)- Informant
- Seán Ó Loingsig
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Carrigaholt, Co. Clare