School: Láithreach
- Location:
- Laragh, Co. Monaghan
- Teacher: Mrs Duffy
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Scéul,- Páid, Suibhan 7 an Ministéir.Bhi fear agus a bhean in a gcomhnaidhe i gConndae Ardmacha ar bh'ainm dóibhtha Páid agus Suibhan. Bhi dha acra talmhan aca dha ghabhair 7 muc amháin. Bhiodar an-bhoct, chomh bocht sin nach rabhadar in ann a gcíos d'íoch. Lá amháin tháinig an Tighearna Talmhan chuca agus dubhairt sé leobhtha mura ndíolfadh siad a gcíos go gcuirfeadh sé amach ar a' bhothar iad.
Cha raibh fhios aca caide do b'fhearr doibhta a' dhéanamh. Ar dhoigh ar bith chuaidh Páid chuig an aonach lá an n-a bharach leis an mhuc a' dhíol. d'eirigh and lá fliuc 7 chuir Suibhan teine mhaith síos 'sa' thathnóna.
i gceann tamaill tháinig cos chuig an doras; rhith Suibhan chuige 7 d'fhoscail si e. "O, a Pháid tá tu báidhte" adeir sí, acht cé bhi ann acht ministeir "Beirfidh mé cúig punta duit acht tabhair loistín go maidin dom" arsa seisean. "Geoghaidh tu sin agus fáilte" arsa Suibhan. Leis sin tháinig sé isteach agus shuidh sé ag an teinidh.
Char bhfada go dtáinig cos eile chuig an doras "Seo Páid" arsa Suibhan; "O, ars' an Ministeir "cha bhionn mise annseo le bean fir eile." "Luigh ins an chomhra sin" arsa Buibhán. "Tá go maith" ar seisean.
Annsin rith Suibhán thuig an doras. "O a Pháid tá tu baidhte" ar sise. "Tá, ceart go leór(continues on next page)- Collector
- Brighid Bean Uí Dhubhthaigh
- Gender
- Female
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Peadar Ua Cumascaigh
- Gender
- Male
- Address
- Tusker, Co. Monaghan