School: Béal Feirsde / Belfarsad (roll number 16374)
- Location:
- Béal Feirste, Co. Mayo
- Teacher: Prionnsias S. Ó Gallachobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Béal Feirsde / Belfarsad
- XML Page 10_028
- XML “Liosanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)rud ar bith le feiceáil acht croicheann na bhfataí. Chualaidh mé sgéal eile ag na sean-daoine faoi an sidhe seo. Bhí bean agus ‘a fear ina gcomhnuidhe in aice leis an sidhe seo. Oidhche amháin d’imthigh an fear go teach eile. Nuair a bhí sé imthighthe tháinic cúpla (daon) duine isteach an dorus acht bhí a fhios ag bean an tighe nach daoine saoghalta a bhí ionnta. Bhí siad ag siubhal tríd an teach. Dubhairt siad léthí muna mbéadh an tuisge glan istigh aicí go n-óladh siad an bainne uirrí. Nuair a tháinig a fear abhaile d’innis sí do é mar thárla agus dubhairt sé da (bhfeicer) bhfeicfeadh se féin iad ag mbéadh siad ag dul amach agus go tapaidh. Acht nuair a fuaireadh in a (coladh) chodladh é an chéad oidhche eile tugadh amach dhá leabaidh é agus bualadh a sháith(continues on next page)
- Collector
- Gráinne Ní Ceachmharcaigh
- Gender
- Female