School: Baile Nua, Coill Mhic Thomáisín
- Location:
- Newtown, Co. Waterford
- Teacher: Muiris Breathnach
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá caisleán in aice Cathair Portláirge agus sé an ainm atá air ná Caisleán an Airgid. Oíche amháin chuir fear an chaisleáin fear eile chun faire ann ar feadh na h-oíche. Bhí an fear sásta agus nuair a bhí sé ann ar feadh tamaill d'airigh sé duine ag teacht síos an staighre agus fuair sé bás leis an scanradh a bhí air. Oíche eile d'imigh fear eile chun codladh ann. Fuair sé alán bídh ó fear an chaisleáin. Bhí sé ag ullmhú a suipéir nuair d'airigh sé an duine céanna ag teacht síos an staighre agus nuair tháinigh sé síos sa chistin d'fhiafraigh an fear de an n-íosfadh sé blúire bídh ach níor dúirt an fear eile dada ach fuair sé rásúr agus scatan agus gach rud eile i gcóir béarra é féin. Ansan d'fiafraigh an duine eile go mbearrfadh agus fáilte agus nuair a bhí an gnó déanta aige rug an fear é isteach i seomra agus do theaspáin sé leac dó agus dúirt sé go raibh pota óir fé agus fuair sé an óir agus ní raibh lá bocht aige ar feadh a saoil.