School: Mín na gCroise
- Location:
- Mín na Croise, Co. Donegal
- Teacher: Máire Nic Amhghaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na gCroise
- XML Page 393
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal.Bhí fear ann lá agus fuair sé litir i dtaobh na ngearrtha. Ní raibh siad díolta aige agus dubhradh leis san litir a theacht isteach agus na gearrtha a dhíol. Chuaidh an fear isteach agus dhíol sé iad an lá i na dhiaidh sin. D’iarr an fear le n-ar dhíol sé na gearrta air a rádh le na fir eile teacht isteach agus iad a dhíol fosta.
Dubhairt an fear eile nach raibh acht léine amháin san baile fearann agus go gcaithfeadh siad sealaidheacht a dhéanamh. “Tá sé seo go dona” arsan fear eile. “Bhal bhéarfaidh mise ocht leath-choróin duit agus ceannuigh ocht léine ortha. Tabhair na léinteacha seo d’ochtar fear ortha agus iarr ortha teacht isteach annseo amárach agus na gearrtha a dhíol.
Bhí go maith is ní raibh go h-olc. Rinne sé sin. Lá thar na bhárach tháinig siad isteach agus na léinteacha ortha agus dhíol siad na gearrtha.