Volume: CBÉ 0232
- Date
- 1936
- Collector
- Locations
On this page
- (continued from previous page)a bhí thart. Maidin lá’r na bháireach nuair a
d’eirigheadar ghabhadar aniar. "Well anois" adeir sé
an Rí "Beidh an choill a guil cé agaí is leisgeamhaile."
"Well is mise an fear is leisgeamhaile" adeir an mac
is sine." "Cé’n leisge atá ánnat" ar seisean?
"Well a mbéinn síntidhe ar an mbóthar - ag
cros bhóthar d’fanfhainn ánn gan eirigh go
mbuailfheadh go chartachaí agus go charrannaí a guil
an bóthar agus go ndéanfhach siad mo mharbhú."
Tá tú sáthach leisgeamhail" adeir an t-uncail.
"Cé’n leisge atá ánnat-sa" adeir sé leis an dárna
mac? "Tá mise chomh leisgeamhail" adeir sé "agus ’á mbeinn
in mo chodhladh i sean teach agus braon súighe a bheadh
a teacht ar mo shúil, nach leigfheach an leisge
dhom sin fhágáil ná go leághfhadh an t-súil in
mo chloigeann." "Tá tú sáthach leisgeamhail" adeir an t-
uncail. "Well cé’n leisge atá annat-sa" adeir sé leis
an mac is óige? "Tá mise chomh leisgeamhail" adeir sé
"dá mbéinn in mo sheasamh lé cruach mhónadh agus
teinidh a thabhairt dhá ceann, nach leigfheach an
leisge dhom corruigh go deó ná go ndóighfhidh
mé isteach go dtí an smior." "Dana go(continues on next page) - You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.