Imleabhar: CBÉ 0312
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mo chuid lín héin." Agus thosa sé a’ catha
an lín ’n-a dhia’ ins a’ bhfaraige, i ndia’ na
luinge, nó go dtáinic sé go Ceánn Léime
Luímnighe agus nuair a tháinic bhí an gráinne
deireannach caithte i bhfaraige aige. Agus níor
bhreath(n)a sé siar agus i ndia’ an lín níos mú -
ní ru aon cháll dó leis - go ru an t-ám
thuas aige le theacht go dtí á n-a mháthair.
Agus nuair a bhí, an lá chéanna ar úirt an
mháthair leóthab a bheith i n-a láthair héin, go
bhfeicead sí cé acab is mú a mbeach air-
gead diantaí aige, tháinic a’ bheirt dritheár
i n-éineacht agus shiúileadar a dtí í. Agus an
mac is óige bhí sé an-chú(th)al a’ teacht go dtí
n-a mháthair, mar ní ru tada dianta gá
chuid lín aige ach é sgaoilte amach ins a’
bhfaraige mhóir aige, agus bhí ímrí air as ucht
go ndeárna sé é. Tháiniceadar ag a’ teach
is nuair a tháinic shiúil a’ mac is sine
isteach go breá fearúil go dtí á n-a mháth-
air - go dtí Gráinne ní Mháille. Agus nuair
a shiúil -
"Seadh, a mhic," adeir sí, "tá tú ánn."(leanann ar an chéad leathanach eile)