Imleabhar: CBÉ 0312
![An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0312, Leathanach 0052](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0312%2FCBE_0312_0052.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0312, Leathanach 0052
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilAr an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Cér chuir tú é?" adeir Gráinne ní Mháille.
"Sén áit ar chuir mé é, a mháthair," adeir
sé," "sheól mé liom," adeir sé, "ins a’ luing, agus
thosa mé ag Ceánn Léime leis," adeir sé, "agus
thosa mé a’ catha mo chuid síl i mo dhia’ sa
bhfaraige," adeir sé, "agus sén áit a ru an gráinne
deireannach caithte á’m," adeir sé, "ag Ceánn
Léime Luímrighe. Agus dhiún afarc a chonn-
aic mé le bliain air," adeir sé, "agus cheap mé
ná ru ithir a’ bith," adeir sé, "bu gloine ná
bu doimhne ná é."
"Á muise," adeir sí, "Goirim péin agus gaisrim-
ic thú!" adeir sí, - ’breith ar láimh air - "tusa
mo mhac-sa," adeir sí, "ní h-é fearacht mhac
Shéamuis Bhradaigh na sgriochán!" adeir sí. "Níl
aon bhaint á’m-sa dhó," adeir sí, "le n’athair
atá an bacach sin a gul," adeir sí, "ach tusa
mo mhac-sa," adeir sí.
Beannacht dílis Dé agus na hEáglaise le
h-anam na marú. Go mbu seacht míle mill-
iún feárr a bheas sinn héin agus a’ comhluadar
bliain ó anocht. Má tá peaca ánn Dia gá(leanann ar an chéad leathanach eile)