Imleabhar: CBÉ 0312
![An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0312, Leathanach 0054](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0312%2FCBE_0312_0054.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0312, Leathanach 0054
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilAr an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Lá breá bhí sí ’sníomh (sníû), agus tháinic bean
strainséara ag a’ dorus agus tháinic sí isteach.
"Muise," adeir sí, "a’ dtiúrthá iasacht pota
dhom," adeir sí, "go ceánn cupla uaire?"
Níor aithni bean a’ tighe í, agus níor mhath
leithe í eiteach, mar ní ru sí go math
faoi’n eiteach.
"Muise go dimhin," adeir sí, "tiúrad, agus go tuige
nach dtiúrainn."
"Go ru math a’d," adeir an bhean ’tháinic isteach,
"agus fad saoil - tá mé buíoch dhíot," - gul
go dtí an pota agus gá árdú léithe.
Tuairim’s chupla uair a bhí an bhean am-
uich nuair a tháinic sí ar ais leis a’ bpota.
Agus nuair a tháinic sí ar ais leis a’ bpota
bhí maol ar a’ bpota le feóil, nach bhfaca
aoin fhear aríú aoin fheóil ní bu bhreácha
ná ní bu deise ná ní bu mílse ná í. Bhí
go math agus ní ru go h-olc. Ghlac an bhean
buíochas léithe agus gho sí amach, agus gho bean a’
tighe amach i n-a dia’ féachaint cé ngohat
sí. Agus nuair a gho bean a’ tighe amach(leanann ar an chéad leathanach eile)