(ar lean ón leathanach roimhe)
Agus siúd amach í agus a’ pota aici, agus
nuair a bhí, gho bean a’ tighe amach ’n-a
dia’ féachaint cé dtiúrat sí ’aghaidh, agus
nuair a gho ní ru sí le fáil aici i bhfus
ná tháll, ná le feiceál. Agus bhí sí dearfa
(dearbhtha) insin go mbu bean sidhe a bhí ins
a’ mbean a bhí ag iarra an phota.
Bhí go math. Nuair a tháinic an fear
isteach trathnúna chonnaic sé an fheóil.
"Tá feóil anocht a’d."
"Tá muis," adeir bean a’ tighe.
"Muise," adeir sé, "innis dom cá’l tú ’fáil na
feóla."
"Nach cuma dhuit ó Dhia," adeir sí, "cál mise
’fáil na feóla, ach ith thusa do dhóthain di agus
ná bac léithe."
"Muise, diabhal a mbeidh sásta dhíom," adeir sé,
"go n-ínnsí tú dhom," adeir sé, "ca’l tú gá fáil."
"Ní bhfuíghe tú aon sgéal air, muis," adeir
bean a’ tighe. "Tá tú réidh leis."
D’imi sé lárnamháireach, an tríú lá, agus
nuair a d’imi, ins an ám céanna sa lá tháinic
(leanann ar an chéad leathanach eile)
Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.