Imleabhar: CBÉ 0312

Dáta
1937
Bailitheoir
Suíomhanna
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0312, Leathanach 0159

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0312, Leathanach 0159

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ar a chúram feasta. Innsíonn sé fán mbuidéal don tíarna talún. Teastuíonn ón tíarna talún é fhail dhó héin, agus táirgíonn sé go léir beithíoch dhó ar an mbuideál. Ar chómairle na
    mrá tugann sé an buideal dó ar na beithí. Ach is gearr i n-a dhiaidh sin go dtáinic galra
    icínt ar na beithí agus gur cailleadh iad ó cheann go ceann agus nach rabh fágtha ag mo
    dhuine bocht arís ach aon bhó amháin. Thug sé leis í sin go ndíolfadh sé ar an aonach í.
    Casadh an feairín céanna leis ar an mbóthar, agus d’fhiathraigh sé dhe céard a rinne sé leis an
    mbuidéal. D’innis seisean dó. Tugann sé buidéal eile anois dó ar an mbó. "Níl le deanamh aige ach an focal a rá agus tioca oifigeach airm agus a chuid saighdiúirí amach as an mbuidéal seo agus a gcuid "cleath-ailpiní "acu, agus tosócha siad a’ bualadh agus a’ réabadh de réir mar
    ordóchar dóibh. Tugann sé leis an buidéal abhaile. Ní i bhfad ina dhiaidh sin go dtugann
    sé cuireadh un a’ tige don tíarna talún go spáine sé an t-íontas nua dhó, agus iarrann sé
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Dáta
    8 Feabhra 1937
    Cineál míre
    Seanchas
    Innéacs seanscéalta
    AT0564: The Magic Providing Purse and “Out, Boy, out of the Sack!”
    Teanga
    Gaeilge
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir