Imleabhar: CBÉ 0312
![An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0312, Leathanach 0160](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0312%2FCBE_0312_0160.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0312, Leathanach 0160
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilAr an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)air an buidéal eile a thabhairt leis. Tagann an
tíárna talún, agus an buidéal aige, ach is gearr
go mbaineann na saighdiúirí dhe é ar ordú fhear
Chroc Meadha. Chaitfidh an tkiarna mór a dhul
abhaile - falamh, agus tá a dhóthain ag fear Chroch
Meadha an fad’s mhairfeas sé arís agus a dtioca
i n-a dhiaidh. - I mBaile Chaisleáin (par. Chill Thártain) atá an sean-chaisleán seo - is uaidh atá an baile sin
ainmníthe. Bu droch-dhream a bhí ina gcónuí sa
gcaisleán sin (ach níl fhios ag an sgéalaí ná ag
muintir na h-áite cérbh iad héin na cén uair a
bhíodar ann). Bhí crann i bhfoisgeacht ceathrú-
míle don chaisleán a dtugaidís Cránn na Crocha
air (is ble baile fearainn Ballymanton anois an
áit a bhfuil Cránn na Chrócha," adeir an sgéalai ach is i
mBaile Chaisleáin a bhí sé de réir na sean-tórann). Nuair a crochfaí duine ar an(leanann ar an chéad leathanach eile)