Imleabhar: CBÉ 0312
Ar an leathanach seo
- Díle (nó Díleann)) ní Sheachnasaigh an t-ainm a bhí ar mháthair Naoimh Cholmáin. Níl fhios ag an sgéalaí cérbh é a fear-céile - níor chuala sé tada faoi sin ariamh. Ach d’eirigh
sé dhuith go rabh a dritheáracha i bhfeirg léithe agus shocruíodar go mbáthfaidís í. Cheang-
luíodar cloch faoi n-a muineál agus chathadar síos i bPoilltín Abhainn í i mBaile Uí Lí (paráiste Ghort lnse Guaire). Teigheann
an abhainn faoi thalamh ins an áit seo. D’eirigh sí arís slán i bPoll Díleann (i gCúl, paráiste Cill Tártain). D’éalaigh sí agus tháinic sí go Charcar, i bpáraiste Chill Tártain. Bhí sí
ar a caomhaint annsin agus chomhnuigh sí i sean-bhóthán beag icínt ánn. Annsin i gCar-
har a rugadh Colman go h-aithghearr ina(leanann ar an chéad leathanach eile) - (ar lean ón leathanach roimhe)gcrann sin ní bainfí an corp anuas go gcuirfí corp eile suas i n-a áit.