Imleabhar: CBÉ 0312

Dáta
1937
Bailitheoir
Suíomhanna
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0312, Leathanach 0319

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0312, Leathanach 0319

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    gur ith Muracha Beag gur ith sé gach a ru sa
    gcrúsga, agus rith sé. Well chua Muracha mór
    insin, chua sé go mbainfeach sé slat. Agus
    a’ t-ám sin bhí sé ráite go ru caint ag
    chuile shórt - caint ag an tslat agus ag na clocha, agus
    chuile short - nó cuireamuid i gcás go ru.
    Chua sé go dtí an tslat.
    "Cá’l tú goil?" adeir a’ tslat.
    "Tá mé goil a’ baint sluit’," adeir sé, "slat
    a bhuailfeach Muracha Beag a d’ól mo chuid súgh-
    craobh (craéú)."
    "Well, ní bhainfe tú mise," adeir a’ tslat, "go
    bhfuíghe tú tua a bhainfeas mé."
    Chua sé go dtí an tua.
    "Well, céard tá uait?" adeir a’ tua.
    "Tá mé a’ teacht i gcoinne tua," adeir sé, "tua
    a bhainfeach slat, slat a bhuailfeach Muracha Beag
    a d’ól mo chuid súgh craobh."
    "Ní bhainfe mise aon tslat duit," adeir a’ tua,
    "go bhfuíghe tú cloch a ghéarós mé. Níl aon fhaobh-
    ar orm," adeir sí.
    Chua sé go dtí an chloch fhaobhar.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Dáta
    23 Feabhra 1937
    Cineál míre
    Seanchas
    Innéacs seanscéalta
    AT1180: Catching Water in a Sieve
    Innéacs seanscéalta—tíopaí gaolmhara
    AT2030: The Old Woman and her Pig
    Teanga
    Gaeilge
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir