Imleabhar: CBÉ 0370
- Dáta
- 1937
- Bailitheoir
- Suíomh
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)15
a bhí sé féin agus fear an toighe ag
comhrádh cuir sé ceist air c’ainm an
bhó. Dubhairt sé gur finneach. D’fhiafruigh
sé cainm a bhí ar an leabhar a bhí
in léinn. Dubhairt sé gur agaid.
b’fhiafruigh sé c’ ainn a bhí ar an
madadh. Dubhairt sé gur sudar. Cainm
an chath? Shogmas. C’ ainm an leabaidh.
suainneas. C’ainm an teinidh? Ghlóir.
c'ainm uisge-beatha? Meadar. C'ainm
uisge? Nigh an lomataí. C’ ann
na bróga sin ar do chosa?"
sochar-bhuinn. C'ainm atá ar
do teach ? sin mo riógachta.
c’ ainm atá ar an chailín sin?
Tibe.
Bhí sin maith go leór go dteachaidh
siad a luighe. Nuair a chuaidh muinthir
an toighe a luighe; thug seisean leis
an leabhar agus spréid sé tíos faoi
thoin na bóí. Sgabh sé ceig uisge
bheata fríd an teach. Thug sé leis
cupla puntha barraidh agus cheangail(leanann ar an chéad leathanach eile)