Volume: CBÉ 0370
- Date
- 1937
- Collector
- Location
On this page
- (continued from previous page)519
de aois pos an t-athair aríst bean
éile. Bhí nigean éile ag an bhean éile
Ní rabh a dhath a dhéúil aicí sa giorsach
bheag seo a bhí ag an fear ó thúis.
Bhí sí anuas is ’poistí uirthí; ní rabh
fhios goide an dóigheamhlacht agus an deiseacht
a bhí sa bhean beag. D’imthigh agus bhí
an leas-mhathair go h-ole díthe; ó ní
léigfeadh sí a chomhair an toighe ar chor
ar bith í dá dtiocfadh léithe a choinneail
ar shiubhal agus dubhairt sí lé cailleach
na gcearc aon lá amháin.
"Níl fhios agun goide mar thiocfadh liom
liom í dibirt ar chor ar bith.
"Bhail tá tobar ann a dtugann siad
tobair na gceann air," arsa bean na
gcearc, agus dá gcuirtheá ann í fá
choinne buideal do'n uisge; ní teachaidh
ran duine ariamh ann nach muirfidh ar
an chasan. Tabhair buideal amárach
díthe agus cuir ar shiubhal í.
tugadh buideal ar thaidín díthe,
n-iarradh uirthí a gabhail go dtí tobhar(continues on next page)