Imleabhar: CBÉ 0376

Dáta
1937
Bailitheoir
Suíomhanna
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0376, Leathanach 0045

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0376, Leathanach 0045

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    "Sin í í," ar sisean,
    "Dhere sin í mo mháthair," arsan diabhal, ar sisean, "Sin í
    mo mháthair," ar sisean.
    "Is mé," ar sis "agus bei’ tú mar fhear ar fad agam," ar sise leis a’ sagart.
    "Ní bheir mhuis," arsan buachaill, ar sisean, "Cuirfi’ mé
    i leithéid seo sheabhamara thú," ar sisean, "seabhamara soir," ar sisean.
    "Is cuma liom," ar sise.
    D’áirimh sé trí cínn do sheabhamaraí do
    gcuirfeach sé ănn í.
    "Is cuma liom," ar sis.
    "Cuirfi’ mé do sheabhamara Tom Smith tú," ar sisean, "mara maithfir do."
    Lig sí sgread mhór.
    "O", ar sise, "maithim," ar sise, "níos túisge ná raghad do seabhamara Tom Smith," ar sise.
    Mhaith sí dho agus d’úntuíodar amach agus chas a’ sagart isteach aríst.
    "Mhuise," ar sisean, leis a’ ndiabhal, teasbáin
    dom," ar sisean, "seabhamara Tom Smith," ar sisean.
    "Béidir nár bhfearra dhuit é spáint
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Dáta
    28 Bealtaine 1937
    Cineál míre
    Seanchas
    Innéacs seanscéalta
    AT0756B: The Devil's Contract
    Teanga
    Gaeilge
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir