(ar lean ón leathanach roimhe)
duit," arsan buachaill, ar sisean.
"Well ní dh’fhágfad an áit," ar sisean, "nú do spáinfi’
tú dhom," ar sisean, "seabhamara Tom Smith," ar sisean.
"Téunam ort mar sin," ar sisean.
D’imíodar ortha.
"Ní oscalód a’ dorus in aochor ’uit," ar sisean "mar do bheithfá marbh," ar sisean, "agus Tom Smith marbh," ar sisean. "Ach nuair do mhaith leat é fhiscint," ar sisean, "cuir do shúil ar pholl a’ ghluis".
Chuir sé a shúil ar pholl a’ ghluis agus a’ tséideóg teine a ghaibh amach trí pholl a’ ghluis chuigis leig sí an tsúil istig ’n-a cheann.
"Ó Dia lé t-anam-sa," ar sisean, "a Tom Smíth".
Nuair a chas sé ’mach is nuair a chonnaic Tom Smith a’ tsúil leachta ’n-a cheann ní
mór ná thuit a’ t-anam as.
"Ó Dia lé t-anam-sa a Tom Smith, ar sisean, trí h-uaire. "Téunam a Tom," ar sisean.
D’imíodar agus agus do chuadar do dtí athair agus máthair Tom Smith agus d’fhiafhruig an sagart dóibh, do n-athair is do na mháthair a’
(leanann ar an chéad leathanach eile)
Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.