ach róis mór nú’n déid bhean nú Mairín Dubh ó Íochtar na h-Éireann, agus do bhuail an t-athair iallait ar a chapall agus chuai’ sé dtí Mairín Dubh 'n-íochtar na h-Éireann agus bhí sí
sin breóite agus dubhairt gearachaile d’inghín léithe go raghach sí féin in aoch léithe á
mbeach cúpala práta ithte 'ci bhí fé’n luath aice agus do churadar chuin a’ bhóthair agus thug sé leis í agus do chuai’ sí an tráthnona san dtí Clíona ’n leasa agus do bhí sí a’ cíora cinn ar bhruach na leasa agus do rug sí ar chúl gruaige uirthe dtaobh thiar di slí is na féudfach sí casa ar aon taobh chuin féuchaint
uirthe. Bhfuil sé sin go maith anois? (1).
Bheannuig sí dhi. Dubhairt sí:
"A Chliona Chlíona," ar sise, "a bhean bhínn bhéasach, go mbeannuí' Críost duit is na Naoímh lé chéile
Connus tá gat' Seán ach Seamuis?
A’ bpós sé fós nú a’ bhfuil gan déanamh,
Nú bhfuil aon óig-bhean ar t-eólus réig leis
"A bhean a bhean", ar sise "gud é do lorg féin air?"
(1) Abairt i leath-taoíbh.