(ar lean ón leathanach roimhe)
bhí Oscar tréis Dailc Mhic Triún a mharú roimis sin agus dubhairt sé ná fágfach sé ’ge ach aon nú dís in-ionad Dhailc agus a mhná.
Crith Fionn roimis agus má chrith dubhairt Oscar leis:
"Úmpaig orm-sa," arsa Oscar, ar sisean.
Dubhart Mearagach lé Fionn ná fhagfach sé ’ge ach aon nú dís i n-ionad Dhailce agus a mhná.
"Úmpaig orm-sa," arsa Oscar, ar sisean, "a’ bhfuil agat," arsa Oscar, ar sisean, "ach bua do nirt agus feabhas do lann go ndeireann tú ná ghearraig
arm riamh ar do thaobh."
"Níl," arsa Mearagach, ar sisean.
"Eist a Mhearagaig, ar sisean, "na nglann glas gé agus cuirfead-sa mo lann go fann trí lár do chléi'," ar sisean.
Chuai’ sé chuin codlata an oídhche sin, Mearagach agus ar maidean lar na mháireach nuair a dh’éiri’ sé ’mach bhuail sé slais ar a’ gcuaile cóiric, scread sciath agus bhuail corach.
Dubhairt sé go b’é féin fear cóir agus ceart a bhuint amach agus gan cóir ná ceart a thúbhairt bhuaig go mac do Thadhg Ní Neóir
(leanann ar an chéad leathanach eile)
Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.