Imleabhar: CBÉ 0376
- Dáta
- 1937
- Bailitheoir
- Suíomhanna
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Dhere mhuise a bhraimithín bhoicht," ar sisean, "connus a
fhéudfá-sa mé bhreith leat?" ar sisean.
"Ná bac san do," ar sise, "Téir ar mo dhrom," ar sise, "a’
bhfuileann tú i d’ mhurcach maith?"
"Táim im’ mhurcach mhaith," arsa Má Cliogóid,ar seisean.
"Má tuíonn tú mar sin," ar sise, "téir ar mo dhrom."
Chuai’ sé ar a dhrom agus d’éiri’ sí sin as a corp agus níor stad sí ná níor fhuar sí gur bhuail sí a drom geall leis anáirde ar na
scamaill agus bhí sí ag úmpó mór-tímcheall ag úmpó mór-tímcheall gur tháini’ sí ar a
dtalamh aríst.
"Á Be Gorr déunfair a’ bheart," ar sise.
D’imíodar leó chuig a’ bhóthair agus bhéurfach sí ar a’ ngaoth a bhíoch roímpe is ní bhéurfach
a’ ghaoth a bhí ’n-a diaig ar a’ braimithín giobalach, riamh agus choídhche go mbuineadar a’ Domhan Toir amach agus má bhuineadar do bhí gan
dabht gárda saighdiúirí i mbun an 'cluíomh soluis agus má bhíodar d’imíodar isteach chuig
a ndínnéir agus seo ’steach an braimithín giobalach agus nocht sí cos a’ chluíomh soluis do(leanann ar an chéad leathanach eile)