Imleabhar: CBÉ 0376

Dáta
1937
Bailitheoir
Suíomhanna
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0376, Leathanach 0650

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0376, Leathanach 0650

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    650
    a bhí ’n-a dhiaig air agus níor stad agus mór fuar
    riamh ná coídhche nú go dtí go chuai’ sé go
    dtí ’n Domhan Toir
    Seadh ’nois," arsan bramach," ar sisean, "nuair a bhí sé
    á chuir isteach ’on stábala, seadh ’nois," ar sisean, "ná
    din aon dearud," ar sisean, "gan mise thindeáil ar maidin
    sara ndéunfai’ tú aon rud eile agus ná téir
    s ngoir na cúirthe ná aon rud," ar sisean, "nú go
    dtí go dtíocfai’ tú chúgham-sa anso im’ láthair
    "Ní féidir aon cheart a bhuint do san," ar sisean, "ach
    mara mbuinfi’ tú ceart do," ar sisean, "lé cleasa agus
    lé cleasa dh’oileireó’ sé sin leis tú," ar sisean
    béidir ná dóighide dhuit rud a chuirfeach sé
    rún amach," ar sisean, "ná dul i bhfach nú rud
    céigineach mar sin," ar sisean, "ach is ana- dócha,
    ná déunfai’ tú an bheart air," ar sisean, "agus mara
    ise. "
    ndéunfai’ tú an bheart air," ar sisean, "táim-se
    cómh marbh leat.
    mar sin a bhí do chuai’ sé go dtí ’n páiste
    do chuir sé a bhraimithín isteach ’on stábala
    agus do thindeáil sé é lé coirce agus lé fíor-
    uisge a dhóthain agus nuair a dhin dubhairt sé leis.
    ta
    is
    th
    an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Dáta
    5 Meitheamh 1937
    Cineál míre
    Seanchas
    Innéacs seanscéalta
    AT0329: Hiding from the Devil
    Teanga
    Gaeilge
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir