Imleabhar: CBÉ 0376

Dáta
1937
Bailitheoir
Suíomhanna
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0376, Leathanach 0689

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0376, Leathanach 0689

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    "Sin rud ná déunfai’ mé," arsan Púca, "dtí go mbeig trus maith agus chuaird fé leith déunta
    agam-sa leat-sa."
    "I n-Ainm Dé agus na Maighdine Glórmhar," ar sisean, "geallaim duit," ar sisean, "geallaim duit ná cuirfi’ mé braon di’ ná bolagam ar mo phus a’ dá lá dhéug
    is mhairfi’ mé agus lig abhaile dtí m’ leanuí saor sábhálta mé."
    "Deirim-se leanuí leat," arsan púca. Fé mar dubhart cheana leat is fada mé a’ futham
    leat chuin an cheacht so thúbhairt duit agus mara
    bhfuairis riamh i gcóir anocht í".
    Thug sé fé'n srúil leis agus má thug ní raibh fhios 'ge Gloster bocht faic dtí go raibh a' t-uisge go dtí na dhá ghlúin air.
    "Ó Dhia mhór na bhFlathas," ar sisean, "táim báite anocht
    nú riamh agus is mú lá agus oídhche fiain a caitheas ar a’ bhfarraige im’ naighbhóigín agus is bheag a mheathas go srúil na Muiri’ a thiocfach
    deire liom"
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Dáta
    7 Iúil 1937
    Cineál míre
    Seanchas
    Teanga
    Gaeilge
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir