Imleabhar: CBÉ 0441 (Cuid 1)

Dáta
1937
Bailitheoir
Suíomh
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0441, Leathanach 0038

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0441, Leathanach 0038

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    dubhshlán é sin a dhéanamh, seo duit an naipicín seo agus craiteadh tú é, tiocadh an fear mór ar t-aghaidh agus fiafróchaidh sé duit céard atá uait, abair leis gon cleith ná sgolb a fhágáil ós cíonn an chaisleán le buille leagan do shúil. Ní túisge a bhéas ráidte na déanta agus rithidh m'athair le faitchíos, tá slát aige agus níl air ach é a leagaint air an uisge agus déanadh sé bóthar dhó h-fhéin amach as an oileán, briseadh sé an bóthar na dhiaidh. Sé dhuit-se an t-slat seo agus leagad tú h-fhéin air an uisge í agus deanad sé bóthar amac as an oileán dhuit."
    D'imthigh an bhean óg abhaile agus tárla chuile shórt mar dubairt sí. Tháinic Ridire na Coille Glaise isteac ar an oileán agus thaithnigh an cúirt agus an Caisleán an mhór leis agus thosaigh sé ag moladh na h-oibre "Mara gcoinigh tú do bhéal dúinte" adeir Mac a Rí "ní fhágad mé cleit na sgolb ós a chíonn". "Se do dubhshlán
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Dáta
    1937
    Cineál míre
    Seanchas
    Innéacs seanscéalta
    AT0313: The Girl as Helper
    Teanga
    Gaeilge
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir