Imleabhar: CBÉ 0441 (Cuid 1)

Dáta
1937
Bailitheoir
Suíomh
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0441, Leathanach 0082

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0441, Leathanach 0082

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. Sgéal an Táilliúra
    Bhí fear óg ánn fado agus bhí sé mór le cailín óg. Bhí achar fada aige le dul, ag breathnú ar an gcailín óg, agus bhí abhann idir a theach seasean agus teach an cáilín. Bhí teach táilliúra le h-ais na h-aibhne. Nuair a bhíod an fear óg ag tígheacht a breathnú ar an mbhean óg, chaithead sé an abann go léim. Bhí tarracht mhór ag muinntear an chailín óg ar an bfear seo. Núair a bhíod sé ag tígheacht abhaile ó theac an cailín, ní bhíodh sé i ndon an abhann a caithe go léim, chaithead sé a dhul timpeall, go bfhághach sé áit nac mbeadh an-domhain.
    Chaith sé suim-aimsire dhá dheanamh sí, agus bhíod an táilliúr ag faire air. Lá amháin d'fhiafhruigh an táilliúr dhó, "Cén t-ughdar" adeir sé "nuair a bhíos tú ag teacht go gcaitheann tú an abhann go léim agus núair a bhíos tú a teacht abhaile go gcaitheann tú a dhul timpeall
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Dáta
    1937
    Cineál míre
    Seanchas
    Innéacs seanscéalta—tíopaí gaolmhara
    AT1363: Tale of the Cradle
    Teanga
    Gaeilge
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir