Imleabhar: CBÉ 0441 (Cuid 2)

Dáta
1937
Bailitheoir
Suíomh
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0441, Leathanach 0108

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0441, Leathanach 0108

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    An Triúr Chailíni
    Bhí triúr chailín ann fadó. Bhí beirt aca an deas, chomh deas le aon chailín dar bfaca aon duine ariamh, acht ní raibh sé sin le rádh i dtaobh an chailín eile mar fionnadh a bhí uirthe ar fad agus ar leithead. Ní raibh spota dá corp nach raibh troigh go leith fionnadh ag fás as.
    Lá amáin dubhairt an bheirt chailíní deasa go racadh siad ar thóir oibre dóibh féin, agus dubhairt an chailín eile go racadh sí fhéin leo freisin.
    Bhí go maith is ní raibh go holc dimthigheadar leo. Bhíodar ag siubhal agus ag siar shiubhal gur casadh teach mhór dóibh. Rígh a bhí ina chomhnuigh sa teach seo, agus ní raibh ann acht é féin agus a bheirt mhic.
    Chuadar isteach agus dfiarr na beirte cailíní deasa aimsir. Gheobhfaidh sibh sin agus fáilte ars an rígh. Annsin dfiarr an cailín a raibh an fionnad uirthe aimsir. Gheobhfaidh tú é ars an rígh, ach caighfidh tú innseacht dom i dtosach ceárd atáir inán a dhéanamh
    Tugaim na ba isteach ars an cailin agus blithighim iad. sin é direach an rud a theastuigheann uaim ars an rígh sa teach seo mar níl an taon dhuine ann le aire ná fosaigheacht a dhéanamh. Tháinic an oidhche agus chuaidh na cailíní i seomra dhóibh féin agus chuaidh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Dáta
    20 Deireadh Fómhair 1937
    Cineál míre
    Seanchas
    Innéacs seanscéalta—tíopaí gaolmhara
    AT0402: The Mouse (Cat, Frog, etc.) as Bride
    Teanga
    Gaeilge
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir