Imleabhar: CBÉ 0441 (Cuid 2)
- Dáta
- 1937
- Bailitheoir
- Suíomh
![An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0441, Leathanach 0111](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0441%2FCBE_0441_0111.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0441, Leathanach 0111
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilAr an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Fear na Firinne agus Fear na mBréag.
Bhí beirt fhear ann fadó, fear na firinne agus fear na mbréag. Ag imirt cartaí chaithidís an tam. An lá seo ní raibh pingin fágtha nach raibh imirte aca. Annsin dimir fear na firinne a chroiceann agus bhuaidh fear na mbréag é.
Annsin dfhann sé é, agus chuir sé faoi dabhac ríg na gcat é. Bhí sean bhalla inaice na háite agus bhí cupla dabhach ann Is annseo chomnuigh tuairim is fiche cat.
Théighidís amach ag toruigheacht bidh go moch ar maidin agus chodhlodhaidís sa sean bhalla san oidhche
I rith na hoidhche bhidís ag innseacht sgéalta agus ag cur síos ar an saoghal. An oidhche seo tháinic siad isteach agus dubhairt rígh na Gcat leo na dabhacha do thoruigheacht ar fhaitchíos go mbeadh duine ar bith istig thiubhradh an sgéal amac. Thoruigheadar agus nuair tháinic siad chuig dhabach Rí na Gcat, dubhairt sé gan bacadh leis sin mar ní leigfeadh an faithcíos do aoinne dul fá mo dhabach, agus faoi na dabhac bhí fear na firinne
Dinnis Rí na Gcat an sgéal seo mar leanas. Dubhairt sé tá inghin an righ tinn agus ní leigheasóchaidh aon rud, rígh ná inghean rígh acht poitín atá sa mballa seo.(leanann ar an chéad leathanach eile)