Imleabhar: CBÉ 0441 (Cuid 2)
- Dáta
- 1937
- Bailitheoir
- Suíomh
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)gcarnán nuair a tháinic an fear a chaill an míle púnt
Bhí sé ag toruigheacht an mála airgead, agus dubhairt Pádhraic go bfuair sé féin é.
Chuaidh an beirt go dtí an teach agus dfiarr sé a mála ar Bhrigid, acht dubhairt sise nach bfuair Pádhraic aon mála ar an mbhóthar, acht go bfuair sé mala airgead an chead lá ariamh chuaidh sé ar sgoil.
Shíl mo dhuine go raibh Brighid agus Pádhraic as a gcuid meabhair, mar bhí Pádhraic suas le trí sgór blian. Dimthigh sé abhaile agus dfág sé an tairgead aca. Nuair a bhí an mile púnt aca cheap siad nach gchaithfeadh siad a dheireadh go lá Pilibh na cleite. Cheannuigh siad teach sa mbaile mór, agus chuireadar sort siopa ar bun. Ní raibh siad ag déanamh ro mhaith sa siopa mar chuaidh Brighid ar an ól, agus tárla nac raibh aon leigheann ag Pádhraic Beigin dó an siopa do dhúnadh. Ní raibh faic na Frigde annsin le dhéanamh aca, ach ag tógail aer an Bhaile mhór agus ag ól córr piúnta don leann dubh.
Chuir sé fhein agus Brighid iomarca dúil san ól. Dól siad a raibh aca, agus sa deireadh béigean doibh imteacht ón mbaile mhór. Bhíodar mar ridirí an bhóthair annsin agus i ri minic nach raibh greim le nithe aca. Ar aon chuma chuadhadar isteach i Dtigh na mBocht agus is ann a cailleadh iad.