Imleabhar: CBÉ 0441 (Cuid 2)

Dáta
1937
Bailitheoir
Suíomh
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0441, Leathanach 0125

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0441, Leathanach 0125

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    bheannuigh sé isteach, agus dinnis sé dí ce raibh sé ag gabhail. Bhuel arsa bean an tighe tá mo inghean sa leabhaidh, agus tá mac óg aici rud nac raibh ariamh ceana. Bhuel ma innsean tú dhom é ars an bhean seo déanfhaidh mé féin an gnátha Tá go maith ars an fear Dinnis sé a chás. Bhuel ars an bhean fáigh trí choileach Márta agus marbhuigh iad. Cuir a cuid fola ar do cosai agus ar do chuid lámha agus chuile spóta go do chorp. Rinne sé é seo agus nuair a bhí an trí choiligh Márta marbhughadh aige, agus a cuid fola ar chuile spota dá chorp, tháinic a mhac ar ais arís slán an sgéalaidhe.
    Nuair a bhí athair an mhic ag déanamh ar an bhruighean, chonnaic banrioghain na bruigheana é, agus dubhairt sí leis, ma tá Caitlín Dubh ina beathaidh gur mac dhi é. Annsin thósuigh sé fhéin agus banrioghan na bruigheana ag argóint agus dfiarr sé cuig chead gabhar adharcac, agus cuig cead gan aon adharc agus cuig chead sodhbhern buidhe. Dubhairt sé muna bfuigheadh sí iad seo go bfuigheadh sé cuig chead eachanna agus go sgapadh agus go ndhóigheadh sé an bhruighean Buel arsa ban rioghan na bruigheana teirigh go dtí an diabhal agus tabhair leat é.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Dáta
    4 Samhain 1937
    Cineál míre
    Seanchas
    Teanga
    Gaeilge
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir