Imleabhar: CBÉ 0441 (Cuid 3)

Dáta
1937
Bailitheoir
Suíomh
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0441, Leathanach 0151

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0441, Leathanach 0151

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    151
    ar bun ag an áit ar a dtugtar an bhaile Nua air ná Creilann).
    mbéarla. Níl an baile seo acht tuairim míle bealaigh ón áit a
    dtugtar Each léim air. Níl ar an mbaile seo acht trí thighthe
    anois acht bhí go leór thighthe ann uair agus bhí an Chúirt seo ann
    freisin.
    Níl mórán le fághail anois di acht píosa amháin don bhalla
    atá ina seasamh. Tá sé ráidhte gurab é Proinnsis Ó Tormhach a
    rinne an chúirt sin. Bhí fear muinntreach le proinnsis seo i mbailig
    Atha-Cleath agus is ann a fuair sé bás. Éamonn láidir ag sliabh
    na neart a bhí mar ainm air agus caithfaidh sé gur gaistidheach
    iongantach a bhí ann. Nuair a chuala proinnsis faoi na bhás
    níor stop sé agus níor mhór chómhnuidhe sé go ndeacha sé baile.
    átha. Cliath. Ní bheadh proinnsis beo ná marbh muna bhfuigheadh
    sé lámh Éamoinn le tabhairt go h-Innis Glóire agus fuair.
    Bhain sé an lámh do Éamonn annsin agus thug sé leis as f
    Innis Baile-tha-Cliath í go h-Innis Glóire agus leag sé isteach
    ins an teampall annsin í. Deirtear go mo domáisteach go
    saoghal leabh an lámh í mar bhí sí le feiceál annsin ag gach
    duine ar feadh i bhfad agus i bhfad. Tá dhá torra i n-Innis Glóire
    chomh maith ceann beag agus ceann mór. Nuair a bhí na Torraí
    seo ina seasamh bhí cloch amháin ann curtha isteach i dtaobh
    an balla agus bhí sé sgréobhtha uirthi. Thainic fionntarsnach as an
    nGréigh le na casúir go h-iargáil Cúighe chonnacht le obair cloin
    a dhéanamh ann. Acht de réir an méid sin caithfadh sé gurab
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Dáta
    3 Samhain 1937
    Cineál míre
    Seanchas
    Teanga
    Gaeilge
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir