Imleabhar: CBÉ 0441 (Cuid 4)
- Dáta
- 1937
- Bailitheoir
- Suíomh
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an t-Athair Ó Coinnigh don airgead - beannacht Dé len a anam anois. Bhí sé lá ag eisteacht faoisdiní agus bhuail me fein isteach cuige. Bhí an deifir air mar bhí sluagh mór taobh amuigh ag fanacht le faoisdin uaidh. Chuaidh me féin ar mo glúna agus ní raibh ionnam acht sgorachín bheag. "Bheul" deir an sagart "cé'n t-ainm atá ortsa." D'innis me sin do. "As Cortós [?] duitse" deir an Sagart Naomhtha. "Is fior duit a athair" deir me féin. "Níor íoc t-atair airgead na Nodlag go foill. Buail abhaile agus tabair leat ag an Aifreann amáireach é agus tiocfaidh tú cuig an Altóir. Slan agat anois" Ní raibh aon cainnt ar peacadh na paidir act an meid d'innis me dhuit. Sin é an faoisdin thug sé dhom.
Ag an uair sin íoctaí leatcoroin o cuile teac,(leanann ar an chéad leathanach eile)