Imleabhar: CBÉ 0596 (Cuid 3)
- Dáta
- 1939
- Bailitheoir
- Suíomh
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Dá mbeadh duine ann agus é ag fagháil locht ar bhiadh is go raih sé fuar, déarfaí leis: "is olc an bolg nach téidhfeadh é!”
(gan teideal)
“Ainmimhthealach mí-nádúrtha iseadh é sin" adeirtí i dtaobh duine a bheadh ag gabháil ar a mhnaoí, srl.”
(gan teideal)
“Deirtí gur dainséarach an rud é cic nú gortúghadh ó dhuine tabhartha mar ná cneasóchadh an ball (de dhuine) a bheadh gortuighthe.”
(gan teideal) (ar lean)
“An chéad giorrfhiadh a bhí ar an saoghal do shocruigh sé ar é féin a chur chun báis de bhrígh go mbíodh eagla air...”